← "Cuir síos an páipéar agus bí ag caint liom." 🔊✎
← "Bhíos-sa ag obair leis feadh an lae, sa tigh." 🔊✎
← Léas-sa an leathanach san roim é thabhairt duit." 🔊
← Ach chuaigh an méid sin i ngan fhios duit. 🔊✎
← Deirtear ann go bhfuil an ceathrú cuid de mhná pósta na tíre míshona, míshásta. 🔊✎
← Sin é an chéad chuid a chuala de." 🔊
← Is cuimhin liom an mhaidean go maith. 🔊✎
← I mí Eanáir ab ea é; drochaimsir, doircheacht, dochmacht, billí, sales ar siúl agus gan aon airgead chucu, an sort san. 🔊✎
← "An bhean a tháinig chugam an mhaidean san." 🔊✎
← "Chun an suirbhé a dhéanamh, agus ísligh do ghlór nó dúiseoir an leanbh. 🔊✎
← "Ní raibh uaim ach an páipéar a léamh." 🔊✎
← Is tábhachtaí an páipéar ná mise. 🔊✎
← Is tábhachtaí an rud atá le léamh sa pháipéar ná an rud atá le rá agamsa. 🔊✎
← An rud atá le rá agam, tá sé sa pháipéar sa tsuirbhé. 🔊✎
← Ag an saol go léir le léamh. 🔊✎
← Cé thugann fé ndeara go bhfuil an t-urlár glan? 🔊
← Ní bhíonn aon ainmneacha leis an tsuirbhé - chuile rud neamhphearsanta, coimeádtar chuile eolas go discréideach fé rún. 🔊✎
← Compútar a dheineann amach an toradh ar deireadh , a dúirt sí. 🔊
← An rud bocht, tá sí pósta le dhá bhliain, agus 'bhreá léi leanbh, ach an t-árasán atá acu ní lomhálfaidh an t-úinéir aon leanbh ann agus táid araon ag obair chun airgead tí a sholáthar mar anois tá leanbh chucu agus caithfidh siad a bheith amuigh as an árasán, agus níor mhaith leat go gcaillfeadh sí a post, ar mhaith? 🔊
← N'fhéadfainn an doras a dhúnadh sa phus uirthi, maidean fhuar fhliuch mar é, a bhféadfainn?" 🔊
← Jab maith leis, an áirithe sin sa ló, agus costaisí taistil. 🔊✎
← Beidh mé ábalta an sorn nua sa a cheannach as." 🔊✎
← Ní chuirfidh sé isteach ar an gcáin ioncaim agatsa. 🔊✎
← Lomhálann siad an áirithe sin: working wife's allowance mar a thugann siad air - amhail is nach aon working wife tú aige baile, ach is cuma san." 🔊✎
← "Níl ann ach obair shealadach, ionadaíocht a dhéanamh di faid a bheidh sí san ospidéal chun an leanbh a bheith aici, agus ina dhiaidh san. 🔊✎
← "Tabharfaidh mé liom é sa bhascaed i gcúl an chair, nó má bhíonn sé súisithe, im bhaclainn. 🔊
← Cén bhaint atá ag tincéirí leis an gcúram?" 🔊
← Tá tú ag tógaint an jab seo, ag dul ag tincéireacht ó dhoras go doras." 🔊✎
← Féach an toradh ansan sa pháipéar." 🔊✎
← Ní gá gurb í an fhírinne a inseann tú sa tsuirbhé." 🔊✎
← "Dá bhfeicfeá an liosta ceisteanna, fé rudaí chomh príobháideach! 🔊
← "Agus maidir leis an jab, táim á thógaint chun airgead soirn nua a thuilleamh, sin uile. 🔊✎
← Nuair a bhí an díobháil déanta." 🔊
← "Ní cuimhin liom anois cad a dheinis, ach dheinis rud éigin an mhaidean san a chuir an gomh orm, nó b'fhéidir gurb é an oíche roimh ré féin é, n'fheadar. 🔊✎
← Agus bhí an mhaidean chomh gruama, agus an tigh chomh tóin-thar-ceann tar éis an deireadh seachtaine, agus an bille ESB tar éis teacht, nuair a bhuail sí chugam isteach lena liosta ceisteanna, cheapas gur anuas ós na Flaithis a tháinig sí chugam. 🔊✎
← Ó, an sásamh a fuaireas scaoileadh liom féin agus é thabhairt ó thalamh d'fhearaibh. 🔊✎
← Ó, an t-ualach a thóg sé dem chroí! 🔊
← Ó chuir sí an cheist agus thugas-sa an freagra, agus sin a raibh air. 🔊✎
← D'fhéadfaidís a rá go raibh tí ceathrúna de mhná na tíre sásta sona, ná féadfaidís, ach féach a ndúradar Ach sé a gcúramsan an páipéar a dhíol, agus ní haon nath le héinne an té atá sona, sásta. 🔊
← Sé an té atá míshásta, ag déanamh agóide, a gheibheann éisteacht sa tsaol so, ó chuile mheán cumarsáide. 🔊✎
← Aon ní amháin a cheapas féin a bhí bunoscionn leis an tsuirbhé, ná raibh a dóthain ceisteanna aici. 🔊✎
← "Na Sínigh fadó, bhí an ceart acu, tá's agat." 🔊✎
← "Sa nós san a bhí acu, nuair a cailltí an fear, a bhean chéile a dhó ina theannta. 🔊✎
← Tá gá le bean chun leanaí a chur ar an saol agus iad a thógaint, agus nuair a bhíd tógtha agus bailithe leo, tá gá léi fós chun bheith ag tindeáil ar an bhfear. 🔊
← Sa tseansaol, cuirtí i gcathaoir súgáin sa chúinne í ag riar seanchaíochta agus seanleigheasanna, má bhí sí mór leis an mbean mhic, nó ag bruíon is ag achrann léi muna raibh, ach bhí a háit aici sa chomhluadar. 🔊✎
← Meas tú an mbeadh fáil in aon áit ar an leabhar dearg san?" 🔊✎
← 'Dheas liom rud éigin a bheith le léamh agam nuair ná geibhim an páipéar le léamh, agus nuair ná fuil éinne agam a labhródh liom. 🔊✎
← Agus chaitheas mo mhaidean léi agus bhí oiread le déanamh agam an mhaidean chéanna; níochán is gach aon ní ach shuíos síos ag freagairt ceisteanna di agus ag tabhairt caife di, agus gan aon fhocal den bhfírinne ag teacht as a béal! 🔊
← Nach mór an lúbaireacht a bhíonn i ndaoine!" 🔊
← An leanbh ina chodladh sa phram. 🔊✎
← An fear ina chodladh fén bpáipéar. 🔊✎
← An stéig feola ag díreo sa chistin. 🔊✎
← An carr ag díluacháil sa gharáiste. 🔊✎
← Tic toc an mhéadair leictrigh ag cuntas chuige na n-aonad. 🔊✎